Dé Domhnaigh 6 Nollaig 2009

ÉIST LENÁR nGUTH!


Bhí lá stocaireachta/ eolais ar siúl i mBaile Átha Cliaith le gairid ag an eagraíocht Guth na Gaeltachta a bunaíodh le dúshlán a thabhairt ar an rialtas maidir leis na moltaí inaita sa tuairisc Bord Snip. Bhí seans ag lucht tacaíochta an ghrúpa a cuid tuairmí a chur in iúil do pholaiteoirí mór le rá na tíre maidir leis na moltaí Mhic Carthaigh, mar is fearr aithne orthu. De réir a suíomh féin, tá an eagraíocht sásta leis an aischothú a fuarathas ón ocáid ach beidh le feiceáil ag an chaináisnéis atá le teacht má éirigh leo tionchuir ar bith a chur ar pholasaí an rialtais i dtreo na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Dé Sathairn 5 Meán Fómhair 2009

BUNSCOIL LÁN-GHAEILGE LÁN

RANG1 LÁN AR AN CHÉAD LÁ SCOILE GHAELSCOIL NA DARÓIGE
Shúil 15 páistí le brí isteach san aon bhunscoil lán-Ghaeilge amháin atá fágtha neamh-mhaoinithe sna Sé Chondae an tseachtain seo. Tá an pobal Gaelach thart ar Ghaelscoil na Daróige, Doire, ag iarraidh anois ar an Roinn Oideachais aitheantas agus lán-mhaoiniú a thabhairt di gan a thuilleadh mhoille. Tá moladh forbartha na scoile á plé faoi láthair ag an Roinn agus tá práinn le cinneadh dearfach mar go bhfuil na tuismitheoirí ag cailleadh gnáthbhunaistí is cúnamh cosúil le béiltí saora agus taisteáil saor in aisce is an scoil ag fanacht le scéal ar ais ón Roinn ar an abhar.

Dé Céadaoin 2 Meán Fómhair 2009

ÉIRÍ AMACH Á ULLMHÚ


Tá an troid ar ais i gcoinne na gcoirithe molta ag an Bord Snip faoi lán seol anois. Tá na mná tí sa Ghaeltacht ag eagrú agus tá na múinteoirí sna scoileanna sna 26 Chondae ag agóid dairíre anois faoi na moltaí iniata sa Tuairisc. Bhuail na mná tí leis an aire ghaeltacht Ó Cuiv a mbuairimh a chur in iúil do maidir leis an mholadh chun reidh a dhéanamh leis an deontas fhoghlaimeoirí Ghaeilge mar go ndéanfaidh sé seo scrios ar na coláistí samhraidh agus ar gheilgear na Gaeltachta. Tá múinteoirí ag síniú achainn agus ag plé aicsiúin maidir leis coirrithe sna foirne gaelscoileanna fosta faoi láthair.

Dé Luain 27 Iúil 2009

RÉABHLÓID GHLAS

Fuair páistí Gaelacha i nDoire a gcéad bhlas den bhia orgánach atá á fás acu i gceapacha ar imeall an bhaile. Tosaíodh an tionscneamh seo ag dream beag Gael agus táthar ag súil anois go nglacafaidh na teaghlaigh ón phobal Gaeilge úinéireacht air. Bhí páistí ann cheana féin i rith na bliana ag cur na nglasraí agus bhí scaifte óg ann inniu ón scéim shamhraidh Ghaelscoil na Daróige le feiceáint ar fhorbairt a gcuid oibre. Tá préataí, meacháin dhearga, léitís, pónairí agus glasraí eile ag fás chomh maith le lachain, cearca agus asail le féiceáil ag rith thart sa chlós agus sa chró. Rinneadh lochán beag uisce ina bhfuil beatha loich d'achan sórt ann agus tá colm bán galanta fiáine amháin le feiceáil ann fosta atá sona sásta a chónaí a dhéanamh i measc na gcearca breá-chothaithe sa chlós.

BÁS NÓ BEATHA

Tá Gaeil fud fad na tíre ag caint ar an ghéarr gá de dhúshlán a thabhairt ar na bagairtí dáiríre ar a gcultúr is ar a dteanga de réir na moltaí leagtha amach sa tuairisc Bhord Snip ag an eacnamaí Mac Carthaigh .
Ag an bhomaite, níl mórán níos mó ná cainte ann agus beidh le feiceáil an dtiocfaidh gluaiseacht éiféachtach ar an tsaoil dá bharr.

Áfach, tá na heagrachtaí Gaeilge coimeádacha fiú ag teacht amach go laidir i gcoinne na gcoirruithe molta ag An Bord Snip.
Seo a leanas faoi ''comments'' na ráitis oifigiúla ó eagrachtaí Gaeilge eagsúla, chomh maith le tuairmí eile, i dtaca na gciorruithe molta agus na himpleactaí a bheas ann don Ghaeltacht, don teanga agus don chultúr gaeil má chuirtear i bhfeidhm iad, dar leo.

Dé Luain 20 Iúil 2009

MISNEACH


Tá cur le chéile d'fhóinse eolais idirlíne faoi Mháirtín Ó Cadhain is radacaigh gaeil eile a sheas a bhfód ar son cearta na nGeal sna 60í á moladh fá láthair. Tá an idirlíon beo le caint bhríomhar d'agóid agus d'éirí amach nua na nGael i gcoinne na n-ionsaí a ndéantaí gach lá ar theanga agus ar chultúr dhuchasach na tíre. Bíonn le féiceáil go rialta sna blaganna is sna foráim Ghaeilge anois daoine ag fiosrú staire is eolais ar a mhacsamhail agus iad ag cuardach misnigh agus inspioráide don troid atá roimh an phobal Gaeil inniu.
PIC: Ó CADHAIN AG AGÓID SNA 60í (LE C. Ó CROIDHÉAIN)

Déardaoin 9 Iúil 2009

DÉAN MÓRÁN AGUS CAN BEAGÁN!


Ní hí an chaint a bheireann an mhóin abhaile ach beidh neart cainte, canta agus oibre mar aon ann ar an 'Lá Oibre' ar 21 Iúil. Beidh tuistí, bunadh na háite, múinteoirí agus cairde gael i láthar chun obair dheonach fheabhsúcháin a dhéanamh ar an suíomh Ghaelscoil na Daróige, Doire ar an lá seo. Beidh siad ag athchóiriú na seomraí, ag athleagaint na gcloch, ag péinteaíl na mballaí is na gclaí agus ag ullmhú na scoile do theacht ar ais arís na bpáistí ar a n-abhair scoile i mí Mheán Fómhair. B'fhíor a rá mar sin "As an obair a thagann an fhoghlaim!"

SAMHRADH BUÍ


Beidh an ceantar Bhaile Mhig Rabhartaigh beo le Gaeilge bhinn bhríomhar na hóige ag deireadh na míosa seo nuair a thosaíonn an Scéim Shamhraidh. Beidh idir aclaíocht, spórtanna uisce, iomáint, ceol, ealaín agus a thuilleadh eile ann leis na páistí a spreagadh is a choinneáil sásta ar feadh coicíse trí mheán na Gaeilge. Níl de dhíth anois ach filleadh na haimsir shamhraidh a bhí linn cúpla seachtáin ó shin!

IS FEARR FOCAL GAEILGE SA CHÚIRT NÁ PUNT SA SPARRÁN


Shocraigh an Chuirt sna Sé Chondae seasamh leis an Acht biogóideach 1737 agus cosc a choinneáil go fóill ar ghnó trí Ghaeilge ann. Áfach, nil sé ar intinn na ndaoine a thóg an cás éirí as anois agus iad ag fógairt go rachaidh siad ar aghaidh chuig an Chuirt Eorpach leis.
PIC: CAOIMHÍN MAC GIOLLA CHATHÁIN A THÓG AN CÁS

Dé Domhnaigh 5 Iúil 2009

COINNIGH AN TINE SIN LÁSTA!


Beidh an gabhar á róstadh ar 17 Iúil ag Kíla i gceantar Iorrais, Maigh Eo, rud a thabharfaidh cúis ceiliurtha agus faoiseamh don dúiche bheag Ghaeltachta a mhaireann lá agus oíche faoi thíorán Shell agus an Stáit i gcónaí.

2 lá ina dhiaidh sin beidh Oileán Thoraí ag cur fearadh na fáilte roimh ár laochra ceoil agus a lucht leannúna dhíograsach ón tír mhór. An uair dheireanach a sheinm siad i dToraí tháinig scaifte ollmór isteach ar bhád i ndiaidh báid don fhéile 'An Craic' agus cruthaíodh sraidbhaile beag puball taobh amuigh de halla an phobail.

Dé hAoine 3 Iúil 2009

CULTÚRLANN LE hOSCÁILT


Táthar ag súil go mór le ré nua na Gaeilge i gCathair Dhoire le hoscailt Chultúrlann Uí Chianáin ag deireadh na míosa seo. Beidh ranganna Gaeilge, cáife, fáiltiú, aonaid ghnó agus siopa leabhair san fhoirgneamh nua-aimseartha £4m Chonradh na Gaeilge.
Áfach, tá conspóid is imní á léiriú sa bhaile agus sna meáin ar na mallaibh faoi áit agus stadas na Gaeilge sa bhainisteoireacht agus sna haonaid ghnó sa Chultúrlann mar nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach sa dá chás acu, de réir dealaimh.
PICTIÚR: CULTÚRLANN UÍ CHIANÁIN Á TÓGÁIL I nDOIRE

Dé Domhnaigh 28 Meitheamh 2009

ROTHAR MÓR AN tSAOIL

Chuaigh scáifte Gaeil a rothaíocht ó ghaelscoil go Gaeltacht ag an deireadh seachtaine ar son gaelscoile bhig i nDoire, seo 'tuairisc' dhuine acu...

"Ag an deire seachtaine d'fhag mo Chomhghleacaí, Lance Armstrong, an Dornálaí, an Múinteoir, mé féin agus 'mo Dhlíodóir' Doire ar thóir an aisling ghaeil. D'fhag Lance muidne ina dhiaidh i scamaill dhusta..."
LEANANN AN SCÉAL FAOI 'comments' THÍOS.
PIC: PICTIÚR A BA CHEART SEOLADH ISTEACH CHUIG AN CHLÁR TG4 'Cárta Poist'.

Déardaoin 25 Meitheamh 2009

DLÍ AIRM SA GHAELTACHT

PIC: CABHLACH COGAIDH Ó SHELL
Ní i nGaeltacht Ghaobh Dobhair a bhí fórsaí slándála na hÉireann le féiceáil inniu ag tabhairt lámh chuidithe don phobal i ndiaidh tubáiste nadúrtha ollscriosta ach in Iarras leis an bhunadh a smachtú agus oibriúcháin na comhlachta il-naisiúnta Shell a chosáint.
2 long chogaidh, inghearán míliteach san aer agus trá Mhaigh Eo dubh le gardaí inniu. Thosaigh an ionsaí nuair a léim na gardaí ar bhád Phat Uí Dhónaill agus gabhadh é lena mhac faoin chúis 'Loitering' san áit a dhéanann siad a slí bheatha gach lá. Gortaíodh Pat go dona agus bhí air dul chuig an otharlann agus scaoileadh saor ar an meánlae é. Tá a mhac á bogadh ó staisiún go staisiún ag an peas. Tá an bheirt in ainm is a bheith 'faoi chosáint na ngardaí' mar gheall ar ionsaí a rinneadh orthu tamailín ó shin ag buíonn mascaithe ar a mbád!
Tá an ceantar beag Gaeltachta seo faoi smacht arm an stáit tosc go bhfuil long Shell ag teacht isteach inniu a leagann síos píobáin gháis. Tá sé cosúil go bhfuil an Stát ag obair lámh i lámh le Shell sa dóigh cheana is tharla sa cheantar Ogoni, an Nigéir. Rinneadh ionsaí buamála inniu ar phíopaí Shell sa réigiún sin agus tá an baol ann go dtaróidh a léithid in Éirinn amach anseo má leanann an Stát ar shárú agóidí síochánta an phobail. Tá na himeachtaí seo ag cur laethanta na nDúchrónach i gcuimhne do mhuintir na háite.

Scéal iomlán: http://www.indymedia.ie/article/92858

Dé Máirt 23 Meitheamh 2009

ROTHAR MÓR AN tSAOIL


Rothaíocht 'GAELSCOIL- GAELTACHT' a bheith i gceist dé Sathairn agus scaifte mór ag bualadh an bhóthair ar son maireachtáil na Gaelscolaíochta i nDoire. Fágfaidh na rothaí Gaelscoil na Daróige, Baile Mhig Rabhartaigh ar imeall Chathair Dhoire, go moch maidin dé Sathairn agus táthar ag súil go mbainfidh siad a gceannscríobtha, Gaobh Dobhair, amach in am don oíche Chabaret Craiceáilte a bheas ar siúl i dTeach Huidí Bhig. Taithí sultmhar tairbhneach a bheidh ann cinnte nach ndéanfar dearmad air go deo! Go n-éirí an bóthar libh!!!


PIC: SCÉITIMÍNÍ AR MHÚINTEOIRÍ AGUS PHÁISTÍ GHAELSCOILE ROIMH AN TURAS ROTHAÍOCHTA MÓR.

AIRE AIN-CHULTÚIR NUA


Ceapadh Nelson McCausland ón DUP mar Aire nua an Chultúir sna Sé Chondae. Cad a shílfeadh duine ar bith ag féiceáint isteach ón taobh amuigh ar 'ár dtír bheag féin' dá gcloisfeadh sé go raibh Aire Cultúir ann in Éirinn atá i gcoinne cur chun cinn cultúr dúchais na hÉireann? Mar gheall ar bhagairt Jim Allister, is léir go bhféachfaidh an DUP ar shlad na Gaeilge agus ar choinneáil thíos na ndúchasach mar phointe feachtas toghcháin agus mar bhuaiteoir vótaí.
PIC: AN CHÉAD AGÓID ACHT NA GAEILGE

Dé Céadaoin 17 Meitheamh 2009

MASLAITHE FAOI D'OH!!

De réir dealraimh, freastailíonn an BBC ar cheisteanna a íocaithóirí ceadunais agus is cuma faoina 'Points of View', bhuel, fhad is nach scríobhann siad isteach chuig Wogan as Gaeilge ar ndóigh! Chuir an Beeb a dhá chos i gcac nuair a maslaíodh lucht labhartha agus éisteachta na Gaeilge ar na mallaibh. Ar dtús báire, nuair a thosaigh Bairbre De Brún ag labhairt as Gaeilge ón ardán san ionad toghchuntais, d'fhógar an trachtaire ráidió BBC go leanfadh sé ar aghaidh é féin ag caint i mBéarla thairis chomh fada is a labhair sí Gaeilge. Ach níos measa ná sin, nuair a rinneadh gearán air seo leis an BBC, dhiúltaigh siad an gearán a fhreagairt de bhrí nach raibh sé déanta i mBéarla!

Dé Luain 15 Meitheamh 2009

GRÁINNE MHAOILL NUA DE DHÍTH


Cuireadh bád agóideoirí Shell Chun Sáile chun toin na farraige i gceantar Gaeltachta Iarras Déardaoin thart ar a 2rn. Tháinig buíonn mascaithe ar bord agus i ndiaidh dóibh na daoine ar bord a ionsadh is a choinneáil síos, chuaigh siad faoin déic agus phollaigh siad an bád. Ba le Pat O Donnell ó bhunadh na háite an bád is tharla sé san áit a fhágann sé a chuid pótaí iascaireachta amuigh ó Iarras, Condae Mhaigh Eo. Alt iomlán ag

Dé Máirt 9 Meitheamh 2009

BUA MHUINTIR OGONÍ!!

Bhí ar Shell a shocrú ar $15.5m a thabhairt mar chúiteamh do na héilitheoirí Wiwo v Shell taobh amuigh den chúirt inné. Éilíodh gur mhaoinigh agus gur spreag an comhlacht ola an t-arm Nigéireach leis an treibh Ogóní a chur faoina chos agus 9 den phobal a sheas i gcoinne obair Shell sa cheantar a chrochadh chun báis sna 90í. Bhí an 9 ag maíomh go raibh forbairtí Shell ag déanamh dochar ar thimpeallacht agus ar shlí bheatha an Ogoní nach féidir dul siar air.

Leanann an feachtas 'Shell Cun Sáile' ar aghaidh sa cheantar Ghaeltachta Iarrais, i Maigh Eo. Chaith 9 den phobal seal i bpríosún cheana mar gur sheas siad i gcoinne líne-phíopa conspóideach sa cheantar. Tá críochfort mídhleathach ag Shell cois trá faoi láthair.

Dé Sathairn 6 Meitheamh 2009

TÍR GHLAS NA hÉIREANN

Ta bia organach á fás ar acra talaimh i nDoire faoi churám iontaobhas Gaeilge. Bíonn páistí gaelscoile sa cheantar in ann féacháint ar an phroiseas iomlán de chur, d'fhás agus de bhaint a gcuid bia folláin féin i dtimpeallacht a thugann meas dá dteanga agus dá riachtanais féin. Tá an tionscneamh faoi lán seol le tamail anois agus is léir go bhfuil sé ag cothú féinmhuinín agus meas ar an timpeallacht i measc na bpáistí atá páirteach ann. Beidh prátaí, pónairí, plandaí eagsúla chomh maith le hainmhithe feirme le feiceáil ar an suíomh de ghairid a deir na heagraitheoirí.

SAMHRADH BUÍ


Tá sé ar intinn ar an phobal Gaelach campa samhraidh a chur ar fáil do pháistí a bhfuil Gaeilge acu sa cheantar Bhaile Mhig Rabhartaigh, Doire don chéad uair. Tá sé beartaithe go mbeidh scéim shóisearach ann an chéad seachtain ar feadh 5 lá agus go mbeidh scéim shinsearach ann i rith an 2ú seachtain. Tá an campa le freastáil ar riachtanais páistí ó 3 bhliain d'aois go 8 mbliain d'aois.
Beidh na heagraitheoirí ag fanacht go foighdeach cosúil le neart grúpaí ógrais eile ar fud fad na tíre a sheol isteach iarratais chuig an scéim maoinithe Fhoras na Gaeilge an seachtain seo caite.

CINESCRIOSADH TEANGA


Tá an rialtas 26 Chondae ag séanadh cearta bunreachtúla ár bpáistí a chuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá 7 ngaelscoil nua-bheartaithe le hoscailt i Meán Fómhair 2009 agus cé go bhfuil siad laistigh de 'cheantar forbartha' agus go bhfuil liosta feithimh fada ag na scoileanna, deir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta nach bhfuil sé d'achmháinn acu na scoileanna seo a thacú. Tá proiseas athbreithnithe ar bun ag an rialtas ar an phroiseas aitheantais do bhunscoileanna a mhairfidh 2 bhliain is ní cheadófar aitheantas do bhunscoil ar bith le linn an phroisis seo.
Scéal iomlán ó Nuachtlitir Shamhraidh na heagraíochta 'Gaelscoileanna' ar

Dé Domhnaigh 31 Bealtaine 2009

SHELL CHUN SÁILE


Tugadh Shell chun na cúirte ar na mallaibh ag grúpa feachtais a deir gur mhaoinigh agus gur chuidigh an comhlacht leis an arm Nigéireach chun 9 den tréibh Ogoni a mharú is chun an pobal féin a chur faoina chos sna 90í. Crochadh an 9 mar gur sheas siad i gcoinne obair Shell sa cheantar a chreid siad a dhéanfadh dochar ar an timpeallacht agus ar an bhaile mhuintir Ogoni.

Gabhadh ar roinnt agódóirí sa cheantar gaeltachta Ros Dumhach, Maigh Eo, ag an deireadh seactaine nuair a rinneadh iarracht briseadh isteach san ionad Shell mídhleathach ar an trá. Tá conspóid agus achrann ar siúl idir an comhlacht agus muintir na háite le fada faoi leagain síos phíobán gáis intíre. Caitheadh 9 isteach i bpríosún tamail ó shin agus rinneadh ionsaí uafásach ar dhuine den 9 ar na mallaibh ag buíonn mascaithe eagraithe ag an ionad cheana.

Bhí píosa sráid-dhrámaíochta ar siúl i nDoire an seachtain seo cáite fosta leis an abhar a choinneál i mbéal an phobail agus an pobal a chur ar an eolas faoi na ceadúnais a tugadh do Shell lena léithéad de thionscneamh a thosú i nDún na nGall de ghairid.
PICTIÚR: Mur-mhaisiúchán de Saro-Wiwa, ceannaire Ogoni a maraíodh sna 90í.

ROTHAR MÓR AN tSAOIL


Éirigh ar do rothar agus buail an bóthar! Tá scaifte beag díograsach ag treanáil go dian dicheallach faoi láthair le rothaíocht urraíochta ó Ghaelscoil na Daróige go Gaeltacht Ghaoth Dobhair ar 27 Meitheamh 2009 a dhéanamh.
Ní amháin go bhfuil na heagraitheoirí ag iarraidh ainm na scoile a choinneál i mbéal an phobail ach táthar ag súil le hairgead a thógáil don aon bhunscoil lán-ghaeilge neamhspleach amháin sna Sé Chondae atá fágtha gan tacaíocht mhaoinithe ón rialtas go fóill.