Dé Domhnaigh 31 Bealtaine 2009

SHELL CHUN SÁILE


Tugadh Shell chun na cúirte ar na mallaibh ag grúpa feachtais a deir gur mhaoinigh agus gur chuidigh an comhlacht leis an arm Nigéireach chun 9 den tréibh Ogoni a mharú is chun an pobal féin a chur faoina chos sna 90í. Crochadh an 9 mar gur sheas siad i gcoinne obair Shell sa cheantar a chreid siad a dhéanfadh dochar ar an timpeallacht agus ar an bhaile mhuintir Ogoni.

Gabhadh ar roinnt agódóirí sa cheantar gaeltachta Ros Dumhach, Maigh Eo, ag an deireadh seactaine nuair a rinneadh iarracht briseadh isteach san ionad Shell mídhleathach ar an trá. Tá conspóid agus achrann ar siúl idir an comhlacht agus muintir na háite le fada faoi leagain síos phíobán gáis intíre. Caitheadh 9 isteach i bpríosún tamail ó shin agus rinneadh ionsaí uafásach ar dhuine den 9 ar na mallaibh ag buíonn mascaithe eagraithe ag an ionad cheana.

Bhí píosa sráid-dhrámaíochta ar siúl i nDoire an seachtain seo cáite fosta leis an abhar a choinneál i mbéal an phobail agus an pobal a chur ar an eolas faoi na ceadúnais a tugadh do Shell lena léithéad de thionscneamh a thosú i nDún na nGall de ghairid.
PICTIÚR: Mur-mhaisiúchán de Saro-Wiwa, ceannaire Ogoni a maraíodh sna 90í.

ROTHAR MÓR AN tSAOIL


Éirigh ar do rothar agus buail an bóthar! Tá scaifte beag díograsach ag treanáil go dian dicheallach faoi láthair le rothaíocht urraíochta ó Ghaelscoil na Daróige go Gaeltacht Ghaoth Dobhair ar 27 Meitheamh 2009 a dhéanamh.
Ní amháin go bhfuil na heagraitheoirí ag iarraidh ainm na scoile a choinneál i mbéal an phobail ach táthar ag súil le hairgead a thógáil don aon bhunscoil lán-ghaeilge neamhspleach amháin sna Sé Chondae atá fágtha gan tacaíocht mhaoinithe ón rialtas go fóill.