Dé Domhnaigh 28 Meitheamh 2009

ROTHAR MÓR AN tSAOIL

Chuaigh scáifte Gaeil a rothaíocht ó ghaelscoil go Gaeltacht ag an deireadh seachtaine ar son gaelscoile bhig i nDoire, seo 'tuairisc' dhuine acu...

"Ag an deire seachtaine d'fhag mo Chomhghleacaí, Lance Armstrong, an Dornálaí, an Múinteoir, mé féin agus 'mo Dhlíodóir' Doire ar thóir an aisling ghaeil. D'fhag Lance muidne ina dhiaidh i scamaill dhusta..."
LEANANN AN SCÉAL FAOI 'comments' THÍOS.
PIC: PICTIÚR A BA CHEART SEOLADH ISTEACH CHUIG AN CHLÁR TG4 'Cárta Poist'.

Déardaoin 25 Meitheamh 2009

DLÍ AIRM SA GHAELTACHT

PIC: CABHLACH COGAIDH Ó SHELL
Ní i nGaeltacht Ghaobh Dobhair a bhí fórsaí slándála na hÉireann le féiceáil inniu ag tabhairt lámh chuidithe don phobal i ndiaidh tubáiste nadúrtha ollscriosta ach in Iarras leis an bhunadh a smachtú agus oibriúcháin na comhlachta il-naisiúnta Shell a chosáint.
2 long chogaidh, inghearán míliteach san aer agus trá Mhaigh Eo dubh le gardaí inniu. Thosaigh an ionsaí nuair a léim na gardaí ar bhád Phat Uí Dhónaill agus gabhadh é lena mhac faoin chúis 'Loitering' san áit a dhéanann siad a slí bheatha gach lá. Gortaíodh Pat go dona agus bhí air dul chuig an otharlann agus scaoileadh saor ar an meánlae é. Tá a mhac á bogadh ó staisiún go staisiún ag an peas. Tá an bheirt in ainm is a bheith 'faoi chosáint na ngardaí' mar gheall ar ionsaí a rinneadh orthu tamailín ó shin ag buíonn mascaithe ar a mbád!
Tá an ceantar beag Gaeltachta seo faoi smacht arm an stáit tosc go bhfuil long Shell ag teacht isteach inniu a leagann síos píobáin gháis. Tá sé cosúil go bhfuil an Stát ag obair lámh i lámh le Shell sa dóigh cheana is tharla sa cheantar Ogoni, an Nigéir. Rinneadh ionsaí buamála inniu ar phíopaí Shell sa réigiún sin agus tá an baol ann go dtaróidh a léithid in Éirinn amach anseo má leanann an Stát ar shárú agóidí síochánta an phobail. Tá na himeachtaí seo ag cur laethanta na nDúchrónach i gcuimhne do mhuintir na háite.

Scéal iomlán: http://www.indymedia.ie/article/92858

Dé Máirt 23 Meitheamh 2009

ROTHAR MÓR AN tSAOIL


Rothaíocht 'GAELSCOIL- GAELTACHT' a bheith i gceist dé Sathairn agus scaifte mór ag bualadh an bhóthair ar son maireachtáil na Gaelscolaíochta i nDoire. Fágfaidh na rothaí Gaelscoil na Daróige, Baile Mhig Rabhartaigh ar imeall Chathair Dhoire, go moch maidin dé Sathairn agus táthar ag súil go mbainfidh siad a gceannscríobtha, Gaobh Dobhair, amach in am don oíche Chabaret Craiceáilte a bheas ar siúl i dTeach Huidí Bhig. Taithí sultmhar tairbhneach a bheidh ann cinnte nach ndéanfar dearmad air go deo! Go n-éirí an bóthar libh!!!


PIC: SCÉITIMÍNÍ AR MHÚINTEOIRÍ AGUS PHÁISTÍ GHAELSCOILE ROIMH AN TURAS ROTHAÍOCHTA MÓR.

AIRE AIN-CHULTÚIR NUA


Ceapadh Nelson McCausland ón DUP mar Aire nua an Chultúir sna Sé Chondae. Cad a shílfeadh duine ar bith ag féiceáint isteach ón taobh amuigh ar 'ár dtír bheag féin' dá gcloisfeadh sé go raibh Aire Cultúir ann in Éirinn atá i gcoinne cur chun cinn cultúr dúchais na hÉireann? Mar gheall ar bhagairt Jim Allister, is léir go bhféachfaidh an DUP ar shlad na Gaeilge agus ar choinneáil thíos na ndúchasach mar phointe feachtas toghcháin agus mar bhuaiteoir vótaí.
PIC: AN CHÉAD AGÓID ACHT NA GAEILGE

Dé Céadaoin 17 Meitheamh 2009

MASLAITHE FAOI D'OH!!

De réir dealraimh, freastailíonn an BBC ar cheisteanna a íocaithóirí ceadunais agus is cuma faoina 'Points of View', bhuel, fhad is nach scríobhann siad isteach chuig Wogan as Gaeilge ar ndóigh! Chuir an Beeb a dhá chos i gcac nuair a maslaíodh lucht labhartha agus éisteachta na Gaeilge ar na mallaibh. Ar dtús báire, nuair a thosaigh Bairbre De Brún ag labhairt as Gaeilge ón ardán san ionad toghchuntais, d'fhógar an trachtaire ráidió BBC go leanfadh sé ar aghaidh é féin ag caint i mBéarla thairis chomh fada is a labhair sí Gaeilge. Ach níos measa ná sin, nuair a rinneadh gearán air seo leis an BBC, dhiúltaigh siad an gearán a fhreagairt de bhrí nach raibh sé déanta i mBéarla!

Dé Luain 15 Meitheamh 2009

GRÁINNE MHAOILL NUA DE DHÍTH


Cuireadh bád agóideoirí Shell Chun Sáile chun toin na farraige i gceantar Gaeltachta Iarras Déardaoin thart ar a 2rn. Tháinig buíonn mascaithe ar bord agus i ndiaidh dóibh na daoine ar bord a ionsadh is a choinneáil síos, chuaigh siad faoin déic agus phollaigh siad an bád. Ba le Pat O Donnell ó bhunadh na háite an bád is tharla sé san áit a fhágann sé a chuid pótaí iascaireachta amuigh ó Iarras, Condae Mhaigh Eo. Alt iomlán ag

Dé Máirt 9 Meitheamh 2009

BUA MHUINTIR OGONÍ!!

Bhí ar Shell a shocrú ar $15.5m a thabhairt mar chúiteamh do na héilitheoirí Wiwo v Shell taobh amuigh den chúirt inné. Éilíodh gur mhaoinigh agus gur spreag an comhlacht ola an t-arm Nigéireach leis an treibh Ogóní a chur faoina chos agus 9 den phobal a sheas i gcoinne obair Shell sa cheantar a chrochadh chun báis sna 90í. Bhí an 9 ag maíomh go raibh forbairtí Shell ag déanamh dochar ar thimpeallacht agus ar shlí bheatha an Ogoní nach féidir dul siar air.

Leanann an feachtas 'Shell Cun Sáile' ar aghaidh sa cheantar Ghaeltachta Iarrais, i Maigh Eo. Chaith 9 den phobal seal i bpríosún cheana mar gur sheas siad i gcoinne líne-phíopa conspóideach sa cheantar. Tá críochfort mídhleathach ag Shell cois trá faoi láthair.

Dé Sathairn 6 Meitheamh 2009

TÍR GHLAS NA hÉIREANN

Ta bia organach á fás ar acra talaimh i nDoire faoi churám iontaobhas Gaeilge. Bíonn páistí gaelscoile sa cheantar in ann féacháint ar an phroiseas iomlán de chur, d'fhás agus de bhaint a gcuid bia folláin féin i dtimpeallacht a thugann meas dá dteanga agus dá riachtanais féin. Tá an tionscneamh faoi lán seol le tamail anois agus is léir go bhfuil sé ag cothú féinmhuinín agus meas ar an timpeallacht i measc na bpáistí atá páirteach ann. Beidh prátaí, pónairí, plandaí eagsúla chomh maith le hainmhithe feirme le feiceáil ar an suíomh de ghairid a deir na heagraitheoirí.

SAMHRADH BUÍ


Tá sé ar intinn ar an phobal Gaelach campa samhraidh a chur ar fáil do pháistí a bhfuil Gaeilge acu sa cheantar Bhaile Mhig Rabhartaigh, Doire don chéad uair. Tá sé beartaithe go mbeidh scéim shóisearach ann an chéad seachtain ar feadh 5 lá agus go mbeidh scéim shinsearach ann i rith an 2ú seachtain. Tá an campa le freastáil ar riachtanais páistí ó 3 bhliain d'aois go 8 mbliain d'aois.
Beidh na heagraitheoirí ag fanacht go foighdeach cosúil le neart grúpaí ógrais eile ar fud fad na tíre a sheol isteach iarratais chuig an scéim maoinithe Fhoras na Gaeilge an seachtain seo caite.

CINESCRIOSADH TEANGA


Tá an rialtas 26 Chondae ag séanadh cearta bunreachtúla ár bpáistí a chuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá 7 ngaelscoil nua-bheartaithe le hoscailt i Meán Fómhair 2009 agus cé go bhfuil siad laistigh de 'cheantar forbartha' agus go bhfuil liosta feithimh fada ag na scoileanna, deir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta nach bhfuil sé d'achmháinn acu na scoileanna seo a thacú. Tá proiseas athbreithnithe ar bun ag an rialtas ar an phroiseas aitheantais do bhunscoileanna a mhairfidh 2 bhliain is ní cheadófar aitheantas do bhunscoil ar bith le linn an phroisis seo.
Scéal iomlán ó Nuachtlitir Shamhraidh na heagraíochta 'Gaelscoileanna' ar