Dé Domhnaigh 6 Nollaig 2009

ÉIST LENÁR nGUTH!


Bhí lá stocaireachta/ eolais ar siúl i mBaile Átha Cliaith le gairid ag an eagraíocht Guth na Gaeltachta a bunaíodh le dúshlán a thabhairt ar an rialtas maidir leis na moltaí inaita sa tuairisc Bord Snip. Bhí seans ag lucht tacaíochta an ghrúpa a cuid tuairmí a chur in iúil do pholaiteoirí mór le rá na tíre maidir leis na moltaí Mhic Carthaigh, mar is fearr aithne orthu. De réir a suíomh féin, tá an eagraíocht sásta leis an aischothú a fuarathas ón ocáid ach beidh le feiceáil ag an chaináisnéis atá le teacht má éirigh leo tionchuir ar bith a chur ar pholasaí an rialtais i dtreo na Gaeltachta agus na Gaeilge.

2 comments:

Anonymous said...

Ón suiómh 'Guth na Gaeltachta':-

Óstán Buswells, Baile Átha Cliath

D'eirigh go hiontach leis an Lá eolais in Ostan Buswells i mBaile Átha Cliath. Beidh eolas iomlán faoin lá le fáil go goirid (pics agus liosta freastalaithe) ach dfhreastail thart ar 85 TD agus Seanadóir ó chuile pháirtí ar an lá. Ar mbuíochas leo uilig agus le ionadaithe Guth na G agus Conradh na G a thaisteal ó cheann ceann na tíre le bheith linn ar an lá. Buíochas faoi leith le foireann an Chonradh, rinne siad obair mhór. Is sampla maith a bhí ann de Phobal na Gaeilge ag aontú le teachtaireacht láidir a thabhairt.


NÍOR chóir deireadh a chur leis na prionsabail ar throid muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar a son go dícheallach. Seo a leanas achoimriú ar na prionsabail sin:

1. Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil
2. Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil
3. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint
4. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá
5. Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht

DJ Dána said...

nasc:

http://www.guthnag.com/