Dé Luain 27 Iúil 2009

RÉABHLÓID GHLAS

Fuair páistí Gaelacha i nDoire a gcéad bhlas den bhia orgánach atá á fás acu i gceapacha ar imeall an bhaile. Tosaíodh an tionscneamh seo ag dream beag Gael agus táthar ag súil anois go nglacafaidh na teaghlaigh ón phobal Gaeilge úinéireacht air. Bhí páistí ann cheana féin i rith na bliana ag cur na nglasraí agus bhí scaifte óg ann inniu ón scéim shamhraidh Ghaelscoil na Daróige le feiceáint ar fhorbairt a gcuid oibre. Tá préataí, meacháin dhearga, léitís, pónairí agus glasraí eile ag fás chomh maith le lachain, cearca agus asail le féiceáil ag rith thart sa chlós agus sa chró. Rinneadh lochán beag uisce ina bhfuil beatha loich d'achan sórt ann agus tá colm bán galanta fiáine amháin le feiceáil ann fosta atá sona sásta a chónaí a dhéanamh i measc na gcearca breá-chothaithe sa chlós.

BÁS NÓ BEATHA

Tá Gaeil fud fad na tíre ag caint ar an ghéarr gá de dhúshlán a thabhairt ar na bagairtí dáiríre ar a gcultúr is ar a dteanga de réir na moltaí leagtha amach sa tuairisc Bhord Snip ag an eacnamaí Mac Carthaigh .
Ag an bhomaite, níl mórán níos mó ná cainte ann agus beidh le feiceáil an dtiocfaidh gluaiseacht éiféachtach ar an tsaoil dá bharr.

Áfach, tá na heagrachtaí Gaeilge coimeádacha fiú ag teacht amach go laidir i gcoinne na gcoirruithe molta ag An Bord Snip.
Seo a leanas faoi ''comments'' na ráitis oifigiúla ó eagrachtaí Gaeilge eagsúla, chomh maith le tuairmí eile, i dtaca na gciorruithe molta agus na himpleactaí a bheas ann don Ghaeltacht, don teanga agus don chultúr gaeil má chuirtear i bhfeidhm iad, dar leo.

Dé Luain 20 Iúil 2009

MISNEACH


Tá cur le chéile d'fhóinse eolais idirlíne faoi Mháirtín Ó Cadhain is radacaigh gaeil eile a sheas a bhfód ar son cearta na nGeal sna 60í á moladh fá láthair. Tá an idirlíon beo le caint bhríomhar d'agóid agus d'éirí amach nua na nGael i gcoinne na n-ionsaí a ndéantaí gach lá ar theanga agus ar chultúr dhuchasach na tíre. Bíonn le féiceáil go rialta sna blaganna is sna foráim Ghaeilge anois daoine ag fiosrú staire is eolais ar a mhacsamhail agus iad ag cuardach misnigh agus inspioráide don troid atá roimh an phobal Gaeil inniu.
PIC: Ó CADHAIN AG AGÓID SNA 60í (LE C. Ó CROIDHÉAIN)

Déardaoin 9 Iúil 2009

DÉAN MÓRÁN AGUS CAN BEAGÁN!


Ní hí an chaint a bheireann an mhóin abhaile ach beidh neart cainte, canta agus oibre mar aon ann ar an 'Lá Oibre' ar 21 Iúil. Beidh tuistí, bunadh na háite, múinteoirí agus cairde gael i láthar chun obair dheonach fheabhsúcháin a dhéanamh ar an suíomh Ghaelscoil na Daróige, Doire ar an lá seo. Beidh siad ag athchóiriú na seomraí, ag athleagaint na gcloch, ag péinteaíl na mballaí is na gclaí agus ag ullmhú na scoile do theacht ar ais arís na bpáistí ar a n-abhair scoile i mí Mheán Fómhair. B'fhíor a rá mar sin "As an obair a thagann an fhoghlaim!"

SAMHRADH BUÍ


Beidh an ceantar Bhaile Mhig Rabhartaigh beo le Gaeilge bhinn bhríomhar na hóige ag deireadh na míosa seo nuair a thosaíonn an Scéim Shamhraidh. Beidh idir aclaíocht, spórtanna uisce, iomáint, ceol, ealaín agus a thuilleadh eile ann leis na páistí a spreagadh is a choinneáil sásta ar feadh coicíse trí mheán na Gaeilge. Níl de dhíth anois ach filleadh na haimsir shamhraidh a bhí linn cúpla seachtáin ó shin!

IS FEARR FOCAL GAEILGE SA CHÚIRT NÁ PUNT SA SPARRÁN


Shocraigh an Chuirt sna Sé Chondae seasamh leis an Acht biogóideach 1737 agus cosc a choinneáil go fóill ar ghnó trí Ghaeilge ann. Áfach, nil sé ar intinn na ndaoine a thóg an cás éirí as anois agus iad ag fógairt go rachaidh siad ar aghaidh chuig an Chuirt Eorpach leis.
PIC: CAOIMHÍN MAC GIOLLA CHATHÁIN A THÓG AN CÁS

Dé Domhnaigh 5 Iúil 2009

COINNIGH AN TINE SIN LÁSTA!


Beidh an gabhar á róstadh ar 17 Iúil ag Kíla i gceantar Iorrais, Maigh Eo, rud a thabharfaidh cúis ceiliurtha agus faoiseamh don dúiche bheag Ghaeltachta a mhaireann lá agus oíche faoi thíorán Shell agus an Stáit i gcónaí.

2 lá ina dhiaidh sin beidh Oileán Thoraí ag cur fearadh na fáilte roimh ár laochra ceoil agus a lucht leannúna dhíograsach ón tír mhór. An uair dheireanach a sheinm siad i dToraí tháinig scaifte ollmór isteach ar bhád i ndiaidh báid don fhéile 'An Craic' agus cruthaíodh sraidbhaile beag puball taobh amuigh de halla an phobail.

Dé hAoine 3 Iúil 2009

CULTÚRLANN LE hOSCÁILT


Táthar ag súil go mór le ré nua na Gaeilge i gCathair Dhoire le hoscailt Chultúrlann Uí Chianáin ag deireadh na míosa seo. Beidh ranganna Gaeilge, cáife, fáiltiú, aonaid ghnó agus siopa leabhair san fhoirgneamh nua-aimseartha £4m Chonradh na Gaeilge.
Áfach, tá conspóid is imní á léiriú sa bhaile agus sna meáin ar na mallaibh faoi áit agus stadas na Gaeilge sa bhainisteoireacht agus sna haonaid ghnó sa Chultúrlann mar nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach sa dá chás acu, de réir dealaimh.
PICTIÚR: CULTÚRLANN UÍ CHIANÁIN Á TÓGÁIL I nDOIRE