Dé Máirt 23 Meitheamh 2009

AIRE AIN-CHULTÚIR NUA


Ceapadh Nelson McCausland ón DUP mar Aire nua an Chultúir sna Sé Chondae. Cad a shílfeadh duine ar bith ag féiceáint isteach ón taobh amuigh ar 'ár dtír bheag féin' dá gcloisfeadh sé go raibh Aire Cultúir ann in Éirinn atá i gcoinne cur chun cinn cultúr dúchais na hÉireann? Mar gheall ar bhagairt Jim Allister, is léir go bhféachfaidh an DUP ar shlad na Gaeilge agus ar choinneáil thíos na ndúchasach mar phointe feachtas toghcháin agus mar bhuaiteoir vótaí.
PIC: AN CHÉAD AGÓID ACHT NA GAEILGE

1 comment:

Anonymous said...

MAR A LÉIGH MÉ AR BHLAG EILE:

"... tá réim na cainte thart. Tá sé faoin am go ndearnadh beart seachas briathar. Ba cheart dúinn uilig seasamh go láidir leis an Ghaelscoil i nDoire agus le Coláiste Speirín agus gach tacaíocht beag nó mór a thabhairt dóibh. Níl na scoileanna thuasluaite leo féin. Laochra iad atá coinneail lóchrann an Ghaeloideachais ar lasadh go láidir in ainneoin an uisce atá a chaitheamh ag daoine áirithe air. An bhfuil go leor a dhéanamh againn uilig chun tacú leis an Ghaeloideachas?? "