Déardaoin 25 Meitheamh 2009

DLÍ AIRM SA GHAELTACHT

PIC: CABHLACH COGAIDH Ó SHELL
Ní i nGaeltacht Ghaobh Dobhair a bhí fórsaí slándála na hÉireann le féiceáil inniu ag tabhairt lámh chuidithe don phobal i ndiaidh tubáiste nadúrtha ollscriosta ach in Iarras leis an bhunadh a smachtú agus oibriúcháin na comhlachta il-naisiúnta Shell a chosáint.
2 long chogaidh, inghearán míliteach san aer agus trá Mhaigh Eo dubh le gardaí inniu. Thosaigh an ionsaí nuair a léim na gardaí ar bhád Phat Uí Dhónaill agus gabhadh é lena mhac faoin chúis 'Loitering' san áit a dhéanann siad a slí bheatha gach lá. Gortaíodh Pat go dona agus bhí air dul chuig an otharlann agus scaoileadh saor ar an meánlae é. Tá a mhac á bogadh ó staisiún go staisiún ag an peas. Tá an bheirt in ainm is a bheith 'faoi chosáint na ngardaí' mar gheall ar ionsaí a rinneadh orthu tamailín ó shin ag buíonn mascaithe ar a mbád!
Tá an ceantar beag Gaeltachta seo faoi smacht arm an stáit tosc go bhfuil long Shell ag teacht isteach inniu a leagann síos píobáin gháis. Tá sé cosúil go bhfuil an Stát ag obair lámh i lámh le Shell sa dóigh cheana is tharla sa cheantar Ogoni, an Nigéir. Rinneadh ionsaí buamála inniu ar phíopaí Shell sa réigiún sin agus tá an baol ann go dtaróidh a léithid in Éirinn amach anseo má leanann an Stát ar shárú agóidí síochánta an phobail. Tá na himeachtaí seo ag cur laethanta na nDúchrónach i gcuimhne do mhuintir na háite.

Scéal iomlán: http://www.indymedia.ie/article/92858

1 comment:

DJ Dána said...

alt cuimsitheach iontach ar cheist Ros Dumhach, a dhéanann mionscrúdú ar an chomhlacht slándála pribhídeach amhrasach is ar nadúr na bhfórsaí duibh oilc eile atá ag obair sa cheantar:

http://www.indymedia.ie/article/92865