Dé Céadaoin 17 Meitheamh 2009

MASLAITHE FAOI D'OH!!

De réir dealraimh, freastailíonn an BBC ar cheisteanna a íocaithóirí ceadunais agus is cuma faoina 'Points of View', bhuel, fhad is nach scríobhann siad isteach chuig Wogan as Gaeilge ar ndóigh! Chuir an Beeb a dhá chos i gcac nuair a maslaíodh lucht labhartha agus éisteachta na Gaeilge ar na mallaibh. Ar dtús báire, nuair a thosaigh Bairbre De Brún ag labhairt as Gaeilge ón ardán san ionad toghchuntais, d'fhógar an trachtaire ráidió BBC go leanfadh sé ar aghaidh é féin ag caint i mBéarla thairis chomh fada is a labhair sí Gaeilge. Ach níos measa ná sin, nuair a rinneadh gearán air seo leis an BBC, dhiúltaigh siad an gearán a fhreagairt de bhrí nach raibh sé déanta i mBéarla!

1 comment:

DJ Dána said...

Seo a méid a bhí le rá ag 'Pobal' leis an BBC:
"Bhí míshásamh nach beag ann i measc an phobal Gaelaigh le linn an toghcháin Eorpaigh ar na mallaibh nuair a d’fhógair tuairisceoir raidió an BBC, Gareth Gordon, go leanfadh sé leis ag labhairt i mBéarla a fhad is go raibh Feisire nua-tofa Bhairbre de Brún ag déanamh óráide i nGaeilge. An impleacht atá leis an ghníomh seo, ar ndóigh, nár chóir go mbeadh óráidí Gaeilge le cluinstin ag an lucht éisteachta."