Dé Domhnaigh 28 Meitheamh 2009

ROTHAR MÓR AN tSAOIL

Chuaigh scáifte Gaeil a rothaíocht ó ghaelscoil go Gaeltacht ag an deireadh seachtaine ar son gaelscoile bhig i nDoire, seo 'tuairisc' dhuine acu...

"Ag an deire seachtaine d'fhag mo Chomhghleacaí, Lance Armstrong, an Dornálaí, an Múinteoir, mé féin agus 'mo Dhlíodóir' Doire ar thóir an aisling ghaeil. D'fhag Lance muidne ina dhiaidh i scamaill dhusta..."
LEANANN AN SCÉAL FAOI 'comments' THÍOS.
PIC: PICTIÚR A BA CHEART SEOLADH ISTEACH CHUIG AN CHLÁR TG4 'Cárta Poist'.

1 comment:

DJ Dána said...

"Ag an deire seachtaine d'fhag 'mo Chomhghleacaí', 'Lance Armstrong', 'an Dornálaí', 'an Múinteoir', mé féin agus 'mo Dhlíadóir' Doire ar thóir an aisling ghaeil. D'fhag 'Lance' muidne ina dhiaidh i scamaill dhusta. De réir seanchas Ghaoth Dobhair, bhain sé Doirí Beaga amach go luath, d'aththóg sé an teachín ó nua is shnámh sé siar is anóir ó Ghabhla in am le póta stofa a dhéanamh réidh dúinn sa teachín. Bhain ár laochra Gaeil an Seaview amach 2 uair a chloig níos moille agus chaith mo Chomhghleacaí a rothar isteach sna driseacha de dhéistín. Ní dóigh liom go mbeidh sé abálta suí síos mar is ceart le seachtain eile ar a laghad. Dúirt daoine sa Seaview gur fógraíodh ar Raidió na Gaeltachta é go raibh muid ar an bhóthar ach go mbainfeadh muid Bun Beag na báistí amach díreach in am don Chabaret Craiceáilte. Bhí muid 7 n-uair a chloig róluath mar sin! Chuir muid isteach an t-am ag caint, ól is ag ceol ag an teachín agus choinnigh an dóire móna na mílotaí beaga uainn ach, ar ndóigh, ní gur bhain siad a ndúlshaith fola díom ar dtús. Tá mé ag déanamh go raibh tinneas poit ón ifreann orthu uilig ar maidin mar sin. Idir an dá linn, bhain ár lucht tacaíochta, a cailleadh ar an bhóthar iad sa ghuaisteán, ceanncheathrú na rothaí amach agus ba léir go ndeachaigh an craic in éag de bharr a scroicheadh. Cinnte bhí an Cabaret é féin craiceáilte agus Teach Hiudaí Beag plódaithe amach an doras. Bhí scoth na gceoltóirí ann, Mairéad Ní Mhaoinigh agus Séamus Ó Beaglaoich ina measc. Bhí an deis agam leagán nua de Thonnaí Thoraí a fhiosrú fosta ach ar an drochuair, tá mo dhearmad glan déanta agam air! Chuala mé go raibh sé suimiúl. Rud eigin faoi lámhachán faoi chosa in ionad cromadh faoi na lámha sílim. Bhí muid inár suí arís thart fá mheán lae an lá dár gceannn lenár seisiún ceoil féin a ghreadadh i ngairdín an tigín faoin ghrian. Ghlac me an seans ceacht 'buamáil isteach san uisce' a thabhairt do na snámhaithe óga agus ruaig a chur ar bheatha na mara mar sin thart fán ché fosta sula d'imigh muid na'abhaile ar dhroim Lance a bhí díreach i ndiaidh an Eirne shnámh. Mo mhíle buíochas d'achan duine a ghlac páirt agus a chuidigh."