Déardaoin 9 Iúil 2009

IS FEARR FOCAL GAEILGE SA CHÚIRT NÁ PUNT SA SPARRÁN


Shocraigh an Chuirt sna Sé Chondae seasamh leis an Acht biogóideach 1737 agus cosc a choinneáil go fóill ar ghnó trí Ghaeilge ann. Áfach, nil sé ar intinn na ndaoine a thóg an cás éirí as anois agus iad ag fógairt go rachaidh siad ar aghaidh chuig an Chuirt Eorpach leis.
PIC: CAOIMHÍN MAC GIOLLA CHATHÁIN A THÓG AN CÁS

5 comments:

DJ Dána said...

alt ar fáil air seo:

http://apublishersblog.blogspot.com/

Anonymous said...

An tAcht 1737

The 1737 Act
The long title of the 1737 Act is:

“An Act that all proceedings in courts of justice within this kingdom shall be in the English language.”

[11] The preamble to the Act states:

“Whereas many and great mischiefs do frequently happen to the subjects of this kingdom from the proceedings of courts of justice being in an unknown language; those are summoned and impleaded having no knowledge or understanding of what is alleged for or against him in the pleadings of their lawyers and attorneys, who use a character not legible to any but persons practising the law.”

[12] Section 1 provides as follows:

“[1] All proceedings in courts of justice, patents, charters, pardons, commissions, &c. shall be in English. and in legible character, not in court-hand, and with usual abbreviations in English, and figures. Penalty £20 to prosecutor.

To remedy those great mischiefs, and to protect the lives and fortunes of the subjects of this kingdom more effectually than heretofore from the peril of being ensnared, and brought into danger, by forms and proceedings in courts of justice in an unknown language, . . . all writs, process, and returns thereof, and proceedings thereon, and all pleadings, rules, orders, indictments, informations, … judgments, statutes, recognizances, ..and all proceedings relating thereunto, … and all proceedings whatsoever in any courts of justice within this kingdom, and which concern the law and administration of justice, shall be in the English tongue and language, and not in Latin or French, or any other tongue or language whatsoever,… “

DJ Dána said...

Arsa Janet Muller, ón scatheagras POBAL, a bhí i láthair do na héisteachtaí anuairidh mar shaineolaí,
"Thar lá go leith in ard chúirt Bhéal Feirste d’éist seomra lán de Ghaeil ar taobh amháin agus d’abhcóidigh mór le rá ar son rialtas na Breataine ar an taobh eile, ag argóint ar son agus i gcoinne Acht 1737, Acht atá go fóill i bhfeidhm i dTÉ níos mó ná céad bliain i ndiaidh a aisghairm sa Bhreatain Mhór, sa Bhreatain Bheag agus in Albain.
"Ba é Micheal Lavery an t-abhcóide a rinne an cás ar son aisghairm na hAchta. Dar leis go bhfuil an tAcht ag teacht salach ar reachtaíocht go leor a dhearbhaíonn go bhfuil comhurraim ag saoránach i dTÉ a bhfuil fhéiniúlacht Éireannach acu agus a bhfuil úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den féiniúlachta sin. Luaíodh go sonrach Comhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rimhinn, an tAcht um Chearta an Duine agus Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda is Mionlaigh. Dar leis an abhcóide, cibé cuspóir a bhí taobh thiar den reachtaíocht nuair a tugadh idteach í i 1737, níl sé i bhfeidhm níos mó ach i dTÉ, agus is léir ón mhéid sin go bhfuil leatrom i gceist in éadan na Gaeilge.’
Luaigh an tUasal Lavery chomh maith gur ábhar suntais é nár ghéill abhcóide ar son rialtas na Breataine go raibh an tAcht leatromach ar bhealach ar bith. Leoga, rinne sé an tAcht a chosaint go tréan, é ag cur in iúl nach raibh aon fáth gur chóir an tAcht a aisghairm.’

Anonymous said...

Is sinne daoine dúchais agus s'í teanga dhuchais na tíre seo í á labhairt. más rud é nach n-aithníonn Cúairt eigin an teanga sin, ní Cuairt dhuchais nó den tír seo í. Mar sin ba cheart gan údaras na Cuairte sin a aithint in am ar bith mar nach bhfuil ann ach cúairt eachtránach fhrith-dhuchasach gan údaras morálta orainn í

Anonymous said...

tá feachtas easumhlaíochta cathartha de dhíth