Dé Luain 27 Iúil 2009

BÁS NÓ BEATHA

Tá Gaeil fud fad na tíre ag caint ar an ghéarr gá de dhúshlán a thabhairt ar na bagairtí dáiríre ar a gcultúr is ar a dteanga de réir na moltaí leagtha amach sa tuairisc Bhord Snip ag an eacnamaí Mac Carthaigh .
Ag an bhomaite, níl mórán níos mó ná cainte ann agus beidh le feiceáil an dtiocfaidh gluaiseacht éiféachtach ar an tsaoil dá bharr.

Áfach, tá na heagrachtaí Gaeilge coimeádacha fiú ag teacht amach go laidir i gcoinne na gcoirruithe molta ag An Bord Snip.
Seo a leanas faoi ''comments'' na ráitis oifigiúla ó eagrachtaí Gaeilge eagsúla, chomh maith le tuairmí eile, i dtaca na gciorruithe molta agus na himpleactaí a bheas ann don Ghaeltacht, don teanga agus don chultúr gaeil má chuirtear i bhfeidhm iad, dar leo.

5 comments:

Anonymous said...

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Iarrann an Conradh ar an Rialtas gan seirbhísí Gaeilge na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a chur de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Níl sé de chumas ná d’acmhainn ag an Roinn Oideachais cúram a dhéanamh díobh.

“Tá an Roinn Oideachais fós ag iarraidh deireadh a chur leis an luath-thumoideachas iomlán i nGaelscoileanna an Stáit, in ainneoin go n-aithníonn oideachasóirí sa bhaile agus go hidirnáisiúnta gurb é seo an bealach is fearr leis an dara teanga a mhúineadh. Is ionsaí tromchúiseach é polasaí seo na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht, chomh maith. Tuigtear as seo go bhfuil naimhde ag an teanga shinseartha ag an leibhéal is airde sa Roinn sin.”

Níl ach 3% d’fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in ann seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn agus dá réir, creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil ar chumas na Roinne sin freastal ar phobal na Gaeilge go sásúil, sa Ghaeltacht ná lasmuigh de.

Ag trácht ar an moladh go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) leis, dúirt Mac Fhearghusa: “Aithníonn an Conradh go bhfuil obair riachtanach á dhéanamh ag COGG i dtaca le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna fud fad na tíre, agus ní beag an damáiste don teanga gur fógraíodh nach bhfuiltear ag dul chun cinn faoi láthair leis an ionad náisiúnta oideachais i mBaile Bhuirne.

“Ba thubaist amach is amach é don teanga dá gcuirfí deireadh le saothar COGG, agus níos measa fós dá gcuirfí seirbhísí Gaeilge na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta”, arsa Uachtarán an Chonartha.

“Más dóigh leis an Rialtas agus le hOireachtas Éireann féin, go bhfuil freagracht orthu i leith na Gaeilge sa chomhthéacs náisiúnta, agus fiú sa chomhthéacs Eorpach, ná cruthaítear fadhbanna tubaisteacha breise do phobal na teanga. Luach ar airgead atá uainn, ní scrios ar dhea-obair.”

Anonymous said...

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac An Fhailigh, cé go n-aithníonn sé an gá le coigiltis trasna an Státchiste, go ndéanfadh na ciorruithe molta, cur chun cinn agus forbairt na Gaeilge amach anseo a lagú dá gcuirfí i bhfeidhm iad.
Rachaidh na moltaí i bhfeidhm go dona ar Choláistí Samhraidh na Gaeltachta, ach go háirithe, agus beidh a dtodhchaí i mbaol má chuirtear na ciorruithe i bhfeidhm, a dúirt sé.
“Téann moltaí na tuarascála sin glan i gcoinne na hoibre go léir a bhfuilimid ag iarraidh a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn le fada an lá. Is é an ceann is déine ná an moladh chun deireadh a chur le ‘Scéim na bhFoghlaimeoirí’. Bunaíodh an scéim mhaoinithe sin chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí a dteastaíonn uathu a gcuid Gaeilge a fheabhsú trí fhreastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht, lena n-áirítear cúrsaí Gaeltachta sa samhradh agus um Cháisc, agus tá cuid de na coláistí sin ag feidhmiú le breis is 100 bliain. Lasmuigh de na córais bhunscoile agus mheánscoile, d’fhéadfaí a áitiú gurb iad na cúrsaí sin is mó a chuireann le cur chun cinn na Gaeilge agus , tiocfaidh deireadh le go leor acu má chuirtear na moltaí i bhfeidhm, “a dúirt sé.
“D’fhreastail na mílte ar na coláistí sin thar na blianta agus tá cuimhní deasa ag an oiread sin acu ar an am a chaith siad ann, idir oideachasúil agus shóisialta. Mar thoradh ar na fóirdheontais bíonn na coláistí inacmhainne do dhaltaí agus déanann siad brabús beag. Má chuirtear deireadh leo ní thiocfaidh siad slán agus déanfar dochar do na pobail labhartha Gaeilge áitiúla agus d’fhorbairt na Gaeilge sa chéad ghlúin eile de dhaoine óga.
“Anuraidh d’fhreastail 26,000 dalta ar chúrsaí Gaeltachta agus is figiúr an-suntasach é sin maidir le cur le cur chun cinn bliantúil na Gaeilge. Thairis sin, áfach, bíonn coláistí samhraidh na Gaeltachta rí-thábhachtach don gheilleagar áitiúil, agus iad ag tabhairt thart ar €35 milliún in aghaidh na bliana do na geilleagair áitiúla. Nuair a smaoiníonn tú gurb amhlaidh go bhfuil ceantair Ghaeltachta suite i réigiúin BMW den chuid is mó, a bhfuil 47% d’achar talún na tíre acu ach nach bhfuil ach 19% den GDP acu, ní féidir iad a mheas faoina luach.
“Gan an maoiniú sin a bheith ann, is cosúil nach mbeidh ach cúpla coláiste Gaeltachta ann agus go mbeidh siad mar shó do theaghlaigh ardioncaim. Déanfaidh sé sin an-dochar don Ghaeilge agus do gheilleagar go leor pobal atá faoi mhíbhuntáiste cheana féin,“ a dúirt sé.
Ag trácht ar mholtaí eile a bhaineann leis an nGaeilge maidir le feidhmeanna áirithe a aistriú ó Údarás na Gaeltachta go Fiontraíocht Éireann, COGG a dhúnadh agus feidhmeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a athscaipeadh, dúirt an tUas. Mac an Fhailligh: “ Ar ndóigh tá imní orm faoi athscaipeadh feidhmeanna na Roinne agus eagraíochtaí Gaeilge eile chomh maith le dúnadh molta COGG. Oibríonn na heagraíochtaí sin i dteannta a chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus cuirfidh siad todhchaí ár dteanga i mbaol. “
“Ábhar imní eile atá againn ná nach mbeidh aon Roinn faoi leith ann a bheidh freagrach as an teanga. Ní féidir gan a bheith buartha nach leagfar tábhacht ar an nGaeilge má bhogtar chuig ceann de na ranna móra í, mar caithfidh sé a tharlú nach dtabharfar an tosaíocht di atá ag dul di. ”
Dúirt an tUas. Mac An Fhailligh freisin gur léiríodh easpa tuisceana sa tuarascáil, go háirithe maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. “Moltar sa tuarascáil nár cheart an ceanglas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun “gach” foilseachán oifigiúil a aistriú go Gaeilge a chur i bhfeidhm ach i raon teoranta de chásanna. Is amhlaidh nach gceanglaíonn ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003’ go ndéanfaí gach doiciméad a aistriú go Gaeilge agus go deimhin níl aon cheanglas chun aistriúchán a dhéanamh curtha i bhfeidhm ach i gcás líon teoranta doiciméad cheana féin.”

Anonymous said...

Is oth le Cumann na Sagart an moladh atá déanta i leith An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta i “dTuairisc Mhic Cárthaigh” nó Bord Snip Nua.

Dár leis an gCanónach Tadhg Ó Mórán, Uachtarán Cumann na Sagart, tá An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltactha;

“ina crann taca don Ghaeilge agus don Gaeltacht le blianta beaga anuas. Chuir spéis an Aire Uí Chuív agus díogras foireann na Roinne go mór le fás na teanga ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Tá éirithe leis na heagrais Ghaeilge, leis an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus le pobail éagsúla Gaeilge fud fad na tíre forbairt mhór a dhéanamh ar líon na ndaoine atá ag foghlaim agus ag léiriú spéise sa teanga a ardú le blianta beaga anuas.

Ba thrua dá stopadh an dea-obair agus an dul chun cinn atá déanta i leith na teanga dá gcuirfí deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Tá ról na Roinne lárnach don dul chun cinn seo agus iarrann Cumann na Sagart ar an Rialtas gan an ról tábhachtach atá acu in athréimniú na Gaeilge á chur i mbaol trí glacadh leis an moladh tubaisteach seo.

Tá Cumann na Sagart ag feidhmiú ón bhliain 1916 agus cosúil le roinnt eagraíocht eile bíonn sé ag lorg cúnamh agus comhairle ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta go leanúnach. Tá an chomhairle a thagann ón Roinn fíor luachmhar agus fíor thábhachtach do Chumann.

Anonymous said...

Plé eile air seo:

http://andrumamornuacht.blogspot.com/2009/07/bord-snip-nua.html

Anonymous said...

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Bhí todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chaibidil le linn cruinniú éigeandála a reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inné, idir eagraíochtaí Gaeilge, i bhfianaise thuarascáil an Bhoird Snip Nua a foilsíodh le déanaí.
D’aithin an cruinniú go bhfuil staid eacnamaíochta na tíre faoi bhrú mór i láthair na huaire, agus go bhfuil gá le beartais chiallmhara chomhtháite i réimsí caiteachais, cánachais, fostaíochta, agus forbartha geilleagraí. Chomh maith lena stádas bunreachtúil agus dlíthiúil, tá tábhacht le Gaeilge i gcothú na dlúthpháirtíochta sóisialta, agus bheimis ag súil nach nglacfadh an Rialtas aon chinntí in aghaidh na géarchéime a dhéanfadh dochar fadtéarmach don Ghaeilge, don Ghaeltacht, ná don dlúthpháirtíocht sin.
Éilíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Taoiseach agus ar an Rialtas gan aon cheann de mholtaí an Bhoird Snip Nua a bhaineann leis an nGaeilge a chur i bhfeidhm, sula leagfar amach an straitéis 20 bliain don teanga atá le foilsiú i mí Mheán Fómhair.
Molann na heagraíochtaí Gaeilge go láidir don Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., cruinniú d’Fhóram na Gaeilge a thionól a luaithe agus is féidir chun moltaí an Bhoird Snip Nua i dtaobh na Gaeilge agus na himpleachtaí sochtheangeolaíochta a bhaineann leo a mheas. Is tionól é Fóram na Gaeilge atá comhdhéanta de na Ranna Stáit ábhartha, eagraíochtaí a bhfuil baint lárnach acu le ceist na Gaeilge, agus an earnáil dheonach chun comhairle a chur ar an Aire i dtaobh na Gaeilge.
Tá luaite ag an Aire Ó Cuív sna meáin chumarsáide le déanaí go mbeidh athstruchtúrú le déanamh ar earnáil na Gaeilge chun an plean straitéiseach 20 bliain a chur i bhfeidhm. Ag labhairt tar éis an chruinnithe inné, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur “gá don Aire dul i gcomhar leis na heagraíochtaí deonacha chun na moltaí struchtúrtha sa straitéis fiche bliain a phlé, ionas gur féidir tús a chur leis na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sin.”