Déardaoin 9 Iúil 2009

DÉAN MÓRÁN AGUS CAN BEAGÁN!


Ní hí an chaint a bheireann an mhóin abhaile ach beidh neart cainte, canta agus oibre mar aon ann ar an 'Lá Oibre' ar 21 Iúil. Beidh tuistí, bunadh na háite, múinteoirí agus cairde gael i láthar chun obair dheonach fheabhsúcháin a dhéanamh ar an suíomh Ghaelscoil na Daróige, Doire ar an lá seo. Beidh siad ag athchóiriú na seomraí, ag athleagaint na gcloch, ag péinteaíl na mballaí is na gclaí agus ag ullmhú na scoile do theacht ar ais arís na bpáistí ar a n-abhair scoile i mí Mheán Fómhair. B'fhíor a rá mar sin "As an obair a thagann an fhoghlaim!"

4 comments:

DJ Dána said...

Chun lámh chuidithe a thabairt:

Bíodh ann ag an scoil ó 9rn maidin Mháirt 21 Iúil. Go raith gach ráth ar ár gcuid oibre!!

Anonymous said...

Seanfhocail mhaithe faoin obair:

-Déan an fómhar fhad atá an ghrian ard
-Is í leath na ceirde an úirlis
-Bíonn gach tosú lag
-Tús maith leath na hoibre, críoch mhaith coróin na hoibre
-Imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe
-Cladhaire nó cabaire thógfadh súgán sneachta ón obair iad
-Is fusa dul ar aghaidh ná ar chúl
- ní mall an mhaith aon uair!

Anonymous said...

Ní tús maith ach tús iontach a rinneadh leis an obair inniu! Bhí scaifte breá idir tuistí, foireann na scoile agus cairde na scoile ann ag tochailt is ag glanadh leo. Rinneadh seomra ranga amháin réidh, leagadh seanchlaí agus cuireadh síos talamh nua taobh amuigh de sheomraí Rang 3,4 agus 5. Imeoidh an tuirse ach fanfaidh an tairbh i bhfad!

Anonymous said...

Tá an seomra ranga nua chóir bheith críochnaith anois! Níl le déanamh anoic ach cosán nua a chur isteach agus an seomra féin a mhaisiú roimh fhilleadh na bpáistí i mí Mheán Fómhair. Tá cuma iontach ar an suíomh anois