Déardaoin 9 Iúil 2009

SAMHRADH BUÍ


Beidh an ceantar Bhaile Mhig Rabhartaigh beo le Gaeilge bhinn bhríomhar na hóige ag deireadh na míosa seo nuair a thosaíonn an Scéim Shamhraidh. Beidh idir aclaíocht, spórtanna uisce, iomáint, ceol, ealaín agus a thuilleadh eile ann leis na páistí a spreagadh is a choinneáil sásta ar feadh coicíse trí mheán na Gaeilge. Níl de dhíth anois ach filleadh na haimsir shamhraidh a bhí linn cúpla seachtáin ó shin!

3 comments:

DJ Dána said...

Dátaí na scéime: 20/7/09-31/7/09
Áit: Gaelscoil na Daroige, Doire
Déan teagmháil leis an scoil

Anonymous said...

Beidh 4 seacthain imeachtaí ar fáil mar sin do pháistí ghaelscoile sa cheantar seo mar go bhfuil coicís á reachtáil ag Conradh na Gaeilge fosta díreach ina dhiaidh sa chathair.

DJ Dána said...

Thosaigh an Campa Samhraidh dé Luain le Seachtain na Naíonán agus tá ag dul go hiontach leis. Tiocfaidh na páistí is sine isteach an seachtain seo chugainn fá choinne spóirt is grinn lonnaithe sa ghaelscoil agus thart na cathrach.